Gaisce – The President’s Award : Seo gairm don phobal bleib a chur chun ár mbeacha a chosaint

Mar cheiliúradh ar 35 bliain de Gaisce – Gradam an Uachtaráin, tá an eagraíocht ag moladh do dhaoine óga ar fud na tíre, is cuma cén aois iad, cá bhfuil siad, nó cén sórt cúlghairdín atá acu, glacadh le dúshlán ó Ghaisce an fómhar seo agus bleib a chur, a chabhróidh le pailneoirí agus a chosnóidh cuid de na saighdiúirí is tábhachtaí sa chath in aghaidh an athraithe aeráide – na beacha.

Má chuirtear san fhómhar iad, cuirfidh siad bláthanna amach san earrach. Tá an tUachtarán, Micheál D. Ó hUiginn agus an Plean Uile-Éireann um Pailneoirí ag tacú leis an bhfeachtas #BulbsForBees; tá lucht an Phlean ag obair le Gaisce chun tabhairt faoin tionscadal pailnithe is mó riamh in Éirinn. Cuirfidh na bleibeanna seo a chabhraíonn le pailneoirí bláthanna éagsúla amach san earrach, bláthanna mar an crocus tommasinianus ‘Barr’s purple’, allium moly and muscari armeniacum.

An tseachtain seo, rachaidh os cionn 50,000 bleib a chabhraíonn le pailneoirí isteach i ngach iar-bhunscoil sa tír; chuig Comhpháirtithe Ghradam Gaisce mar sheirbhísí míchumais, seirbhísí príosúin agus ionaid d’oibrithe deonacha le cabhair ó An Post; agus os cionn 300,000 bleib trí Líonra Forbartha Áitiúil na hÉireann lena ndáileadh ar an earnáil óige agus pobail le tacaíocht ón Roinn Leanaí, Comhionannais, Lánpháirtíochta, Míchumais agus Óige. Cuirfear na bleibeanna ar fáil saor in aisce.

Gheobhaidh tú amach conas páirt a ghlacadh sa tionscadal agus conas deimhniú rannpháirtíochta a fháil ón suíomh gréasáin Gaisce – Gradam an Uachtaráin. Beidh Lidl, An Post, agus an ILDN ag tacú leis an bhfeachtas #BulbsForBees agus tá sé á mhaoiniú ag an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige.

Ag cur fáilte roimh sheoladh an fheachtais, dúirt an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumas, Lánpháirtíochta agus Óige, Roderic O’Gorman TD:

“Tá áthas ar mo Roinn tacú leis an bhfeachtas #BulbsForBees. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le Gaisce – Gradam an Uachtaráin as feasacht a mhúscailt i measc an phobail mar gheall ar cheist thábhachtach maidir le caomhnú na timpeallachta. Tá ról nach beag ag na beacha i bpailniú na mbarr bia is tábhachtaí. Molaim go láidir don phobal a bheith páirteach san fheachtas agus bleib a chur chun tacú lenár mbeacha. ”

Dúirt Yvonne McKenna, PF Gaisce – Gradam an Uachtaráin:

“Ó bunaíodh Gaisce –  Gradam an Uachtaráin 35 bliain ó shin táimid ag cuidiú le daoine óga ó gach cúlra an chumhacht atá iontu féin a chur i ngníomh chun athrú dearfach a dhéanamh iontu féin agus sa tsochaí. Ó bunaíodh é, tá níos mó ná an ceathrú milliúin Gradam Gaisce bainte amach ag daoine óga ar fud oileán na hÉireann. Tá Gaisce anois ina dheasghnáth tábhachtach aistrithe saoil agus is seoid náisiúnta é.

“Anois táimid ag iarraidh ar gach duine sa tír páirt a ghlacadh ina ndúshlán Gaisce féin a chosnóidh an todhchaí dúinn uile. Cosúil le Gradam Gaisce féin, ní obair aon oíche é. Beidh cúram agus aire ag teastáil ó na bleibeanna tar éis iad a chur má táimid le bláthanna a fheiceáil san earrach, agus is rud iontach – agus tábhachtach – é sin do gach duine a bheidh páirteach ann.

“Táimid ag iarraidh ar an bpobal bleib pailneora a phiocadh suas agus a chur, chun todhchaí ár mbeacha, atá riachtanach don saol, a chosaint. Tá an bhagairt ann go gcaillfear aon trian de na speicis beach atá againn in Éirinn. An fáth leis sin ná an laghdú mór ar na bláthanna a itheann siad agus na háiteanna inar féidir leo nead a dhéanamh go sábháilte. Táimid ag iarraidh ar gach duine, idir scoileanna, údaráis áitiúla, chlubanna spóirt agus siopaí teacht le chéile agus é a dhéanamh níos fusa do phailneoirí a gcuid oibre a dhéanamh anseo in Éirinn.

“Meastar go bhfuil pailneoirí – beacha agus féileacáin, mar shampla — atá i mbaol ina gcuid riachtanach den fhoireann ag Lidl Ireland de bhrí go gcuireann siad bia ar fáil, nuair a aistríonn siad pailin, rud a chabhraíonn chun plandaí agus bláthanna a chur ag fás, síolta a dhéanamh, ionas go mbeidh glasraí agus bláthanna againn don todhchaí.”

Ba é Philly McMahon, peileadóir Bhaile Átha Cliath, a sheol feachtas #BulbsForBees go hoifigiúil. Gheofar tuilleadh eolais ag: www.gaisce.ie/bulbsforbees/

Scroll to Top