“Tá Gaisce ar cheann de na rudaí is dúshlánaí agus is sásúla a rinne mé riamh. Cuireann tú aithne cheart ort féin agus ar a bhfuil tú in ann. "

Abbie Moloney, Gradam Óir Gaisce

Sula leanann tú ar aghaidh ag cur isteach ar do Dhámhachtain Gaisce, déan cinnte go bhfuil na céimeanna seo a leanas críochnaithe agat:

Faigh PAL i do scoil / eagraíocht a thacóidh leat le linn na dámhachtana.

Roghnaigh do ghníomhaíochtaí do gach cuid den dámhachtain.

Aontaigh do ghníomhaíochtaí le do PAL.

Bíodh cárta Dochair / Creidmheasa agat.

Faigh Ceannaire Dámhachtana an Uachtaráin nó PAL: Tá PALanna ann chun tacú leat ar feadh do thurais Gaisce. D’fhéadfadh go mbeadh PAL lonnaithe i do scoil, coláiste, grúpa óige nó in eagraíocht pobalbhunaithe i do cheantar.

Caithfidh PAL a bheith agat sula gcláróidh tú chun páirt a ghlacadh. Má bhíonn aon trioblóid agat PAL a fháil, déan teagmháil linn ag info@gaisce.ie agus cabhróimid leat tosú.

Roghnaigh do ghníomhaíochtaí agus déan iad seo a phlé le do PAL lena chinntiú go bhfuil siad oiriúnach agus dúshlánach go leor. Féadfaidh tú gníomhaíochtaí a bhfuil tú ag gabháil dóibh cheana a roghnú nó is féidir leat rud éigin nua a thosú.

Cláraigh líne, agus cuir tús le do Thuras Gaisce!

© 2020 Gaisce - Gradam an Uachtaráin, Is cuideachta é Gradam an Uachtaráin faoi theorainn ráthaíochta (CRO 251020) agus le huimhir CHY agus CRA (8482 agus 20020903 faoi seach) ***
Sonraí Rialachais  | Beartas Príobháideachais