Nuashonraithe 22 Aibreán 2020

Is maith an t-am anois dul chun cinn go dtí an chéad leibhéal dámhachtana eile a spreagadh ionas gur féidir le rannpháirtithe a bheith gnóthach agus leanúint ar aghaidh le gníomhaíochtaí Gaisce sa bhaile. Ba cheart, mar riail, rannpháirtithe a spreagadh chun a gclár dámhachtana iomlán a chríochnú (ie na Réimsí Dúshláin riachtanacha go léir) sula leanfaidh siad ar aghaidh go dtí an chéad leibhéal dámhachtana eile.

Ina theannta sin, mar chuid de Gaisce at Home / Gaisce sa Bhaile táimid ag spreagadh daoine óga a d’fhéadfadh a bheith críochnaithe le ceann amháin nó níos mó de na réimsí dúshláin ar leibhéal dámhachtana amháin smaoineamh ar dhul ar aghaidh go dtí an chéad leibhéal dámhachtana eile sna réimsí dúshláin atá críochnaithe acu , tacóidh sé seo leis an móiminteam más gá do rannpháirtithe aon ghníomhaíochtaí is mian leo a dhéanamh a stopadh nuair a bheidh an tréimhse fanacht sa bhaile thart. Cuir glaoch ar d’Oifigeach Forbartha le haghaidh tuilleadh sonraí faoi conas dul ar aghaidh. Chomh maith leis sin, féach leathanach 20 den treoir PAL le haghaidh tuilleadh eolais a fháil.