Teachtaireacht ón Uachtarán Micheál D. Ó hUiginn

Ba mhaith liom an deis seo a thapú chun buíochas a ghabháil le Gaisce as an tionscnamh tábhachtach BulbsforBees a sheoladh.

Inniu, ar fud an domhain, tá an bhithéagsúlacht atá ag teacht chun cinn leis na cianta agus na nglúnta á scrios, á réabadh agus á chreachadh ar luas nach bhfacthas riamh cheana i stair an duine. Tá meath tubaisteach ag teacht ar ár bpailneoirí de bharr ró-úsáid lotnaidicídí, próisis uirbithe agus tionchar an athraithe aeráide atá ag cur táirgeadh inbhuanaithe an bhia agus slándáil an tsoláthair bhia ar a mbraithimid uile faoi bhagairt.

Is eol dúinn go maith go mbraitheann todhchaí an duine ar phailneoirí, atá ríthábhachtach chun gnáthóga agus na héiceachórais ar a mbraitheann an oiread sin ainmhithe a chruthú agus a choimeád ann. Is dúshlán é nach féidir neamhaird a thabhairt air níos mó dálaí a chur ar fáil chun gur féidir le pailneoirí a gcuid oibre a dhéanamh gan bhac. Chuige sin is gá freagairt eiticiúil ó shaoránaigh ar fud na cruinne.

Is iomaí duine ar oileán na hÉireann atá ag déanamh a cheana chun ár mbithéagsúlacht ríthabhachtach a chaomhnú – crainn á gcur acu, táirgí atá báúil leis an timpeallacht á n-úsáid acu, roghanna freagracha á ndéanamh maidir le bia agus a ngealltanas i leith chosaint an phláinéid leochailigh seo á léiriú acu ar an iliomad slí.

Is gníomh tábhachtach eile inár gcuid oibre réimse éagsúil plandaí bláthanna a sholáthar, a spreagfaidh speicis dhúchasacha inár dtírdhreach, chun gach cuid d’éagsúlacht ár dtimpeallachta a chaomhnú.

Trí bhleib a thacaíonn le pailneoirí a chur an fómhar seo, beidh tú ag cur go mór leis an obair thábhachtach seo, agus ag cur dlúis leis an athrú práinneach is gá a dhéanamh ar mhaithe lenár nglúin féin agus leis na nglúnta a thiocfaidh inár ndiaidh.

Gabhaim buíochas le gach duine a bheidh ag glacadh páirte sa dúshlán speisialta Gaisce seo. Is ráiteas ó chroí é uathu ar a mian chun an saol atá againn i bpáirt ar an bpláinéad seo a chosaint.

Michael D. Higgins
Uachtarán na hÉireann
President of Ireland

Gaisce BulbsforBees_President Michael D. Higgins_Irish

Scroll to Top